Dánlann Náisiúnta na hÉireann a thugtar ar The National Gallery of Ireland i bhformhór na reachtaíochta agus i roinnt mhaith ábhar a d’fhoilsigh an institiúid féin.  Ach tá Acht Ghailerí Náisiúnta na hÉireann, 1928 ann agus is Gailearaí Náisiúnta na hÉireann atá greanta i gcloch ar éadan an fhoirgnimh i mBaile Átha Cliath.

Bítear anonn is anall idir an dá ainm. Dar le dream gurb é gailearaí an focal is cruinne chun trácht ar phictiúir, mar cuimsíonn na dána a lán nithe nach mbaineann leis na hamharc-ealaíona.

Tá athluaiteachas sa leagan coitianta dánlann ealaíne. Is ionann dánlann agus art gallery agus ní comaoin ar bith air ealaín a chur leis.

Roinn an Post seo: