Ó thaobh na sanasaíochta de, tá baint dhíreach idir population agus people. Bíodh sin mar atá, ní dochar abairt Bhéarla mar seo a scríobh: 

One consequence of the recession is an increase in the population of abandoned horses

Ní hinmholta daonra na Gaeilge a úsáid ar an bhealach chéanna:

Toradh amháin ar an gcúlú eacnamaíochta is ea méadú ar dhaonra na gcapall tréigthe.

An neach daonna a bhíonn i gceist le daonra. Is fearr a oireann líon do chomhthéacs na habairte thuas:

Toradh amháin ar an gcúlú eacnamaíochta is ea méadú ar líon na gcapall tréigthe.

Roinn an Post seo: