Moltar sa CO gan ainmfhocal sa tuiseal ginideach a infhilleadh tar éis daramac an dara bean, mac an dara fear. Ceadaítear foirmeacha mar cuid an dara mic agus bás na dara mná in FGB, áfach, agus is léir an dá nós – ainmneach agus ginideach – a bheith sa Ghaeilge.

Botún an-choitianta is ea ainmfhocail a shéimhiú i ndiaidh dara:

Is í seo an dara bhliain is fiche as a chéile go bhfuil Éigse na Brídeoige á reáchtáil ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. (an dara bliain)

Ní shéimhítear i ndiaidh dara fiú má dhéantar an t-ainmfhocal a infhilleadh: tús an dara seimeastair.

Leaganacha malartacha is ea darna agus tarna.

Roinn an Post seo: