Úsáidtear de chuid in abairtí mar Ollscoil de chuid Bhaile Átha Cliath chun a chur in iúl gur ollscoil amháin as roinnt ollscoileanna sa chathair sin atá i gceist.

Is minic fosta a bhaintear úsáid as de chuid chun saothar a chur i leith údair: An cúigiú siansa de chuid Beethoven.

Ní oireann de chuid gach áit a bhfuil ofby sa Bhéarla:

Léiriú de chuid Waiting for Godot de chuid Beckett.

Tá an chéad de chuid mícheart mar go dtugann sé le fios gur saothar le neach éigin darb ainm Waiting for Godot atá sa léiriú seo. (Dá mbeadh compántas drámaíochta ann agus an t-ainm sin orthu, ní bheadh locht ar bith air sin.)

Tá an dara de chuid mícheart mar tugann sé le fios go bhfuil rud éigin ar an saol ar a dtugtar Waiting for Godot agus gurb é seo sciar Beckett de. Is furasta é a chur ina cheart:

  • Léiriú de Waiting for Godot, le Beckett.
  • Léiriú de Waiting for Godot, dráma de chuid Beckett.
Roinn an Post seo: