Is ait liom abairtí mar Bhí deacracht agam an cló a léamh. Ba dheacair ciall a bhaint as sin in éagmais poncaíochta a chuirfeadh casadh beag sa chiall: Bhí deacracht agam: an cló a léamh.

Is dócha gur faoi thionchar an Bhéarla I had difficulty... a tháinig an struchtúr isteach sa Ghaeilge. Ní léir go bhfuil bearna ar bith á líonadh aige nuair atá Ba dheacair dom an cló a léamh ann nó Ní gan dua a léigh mé an cló.

Tá an aistíl chéanna ag baint le habairtí mar seo thíos.

  • Lean sí le deacracht é. 
  • Tháinig fonn gáire uirthi, mothúchán a mhúch sí le deacracht. 

B'fhearr go mór na habairtí a athscríobh mar seo:

  • Ba le dua a thuig sí é.
  • Ba dhian uirthi gan dul a gháire.
Roinn an Post seo: