Úsáidtear an focal Béarla design anois sa chiall ceapadh, cruthú, ullmhú agus úsáidtear dear mórán ar an chaoi chéanna sa Ghaeilge. Ní i gcónaí a oireann sé don chomhthéacs.

  • Tugann sé seo an deis dúinn réiteach a dhearadh, sula dtagann an fhadhb anuas orainn. (réiteach a aimsiú)
  • Ba chóir don Roinn Oideachas beartas a dhearadh chun múinteoirí a chur chuig na hoileáin. (beartas a cheapadh)
Roinn an Post seo: