Is focal ilchiallach é delivery. Ar an drochuair, tá claonadh ag roinnt aistritheoirí an focal seachadadh a úsáid i ngach comhthéacs, mar is léir ó shamplaí mar seo:

  • Tá sé d’aidhm againn seirbhísí a sheachadadh go leanúnach ag amanna agus ionaid a oireann dár gcustaiméirí.
  • Ní mór an tionscadal a sheachadadh faoi dheireadh Bealtaine 2015. 

 Is é ciall an bhriathair seachaid ná rud a thabhairt ar láimh do dhuine nó a chur i láthair duine. Níl aon locht ar litreacha a sheachadadh ach teastaíonn focail eile chun cialla eile a bhaineann le delivery a thabhairt slán. Ba cheart na habairtí thuas a athscríobh mar seo:

  • Tá sé d'aidhm againn seirbhísí a sheachadadh go leanúnach ag na hamanna agus sna hionaid a oireann dár gcustaiméirí.
  • Ní mór an tionscadal a chur i gcrích faoi dheireadh Bealtaine 2015.

 

Roinn an Post seo: