Téann aistritheoirí in abar ag iarraidh an coincheap seo a chur i bhfriotal, mar is léir ó na habairtí thíos:

  • Don chéad uair riamh d’aithin na daltaí na dúshláin laethúla a bhíonn le sárú ag daoine míchumasacha.
  • Tagann beanóg i gcarr chuig stáisiún traenach lena máthair mhíchumasaithe  
  • Tá sé i gceist againn go mbeidh lucht míchumais in ann teacht ar gach a mbíonn ar siúl i gContae an Chabháin.
  • Ag cuidiú le páistí le míchumas.

Tá lochtanna ar gach ceann de na ceithre aistriúchán thuas.

  1. In ainneoin é a bheith tugtha in FGB, is léir cén débhríocht atá i daoine míchumasacha. An daoine iad nach bhfuil aon chumas iontu?
  2. Úsáidtear míchumasaithe sa reachtaíocht agus i dtéacsanna oifigiúla ach níor neadaigh sé sa ghnáth-Ghaeilge riamh. B'ait leat an aidiacht bhriathartha, a thugann le fios go ndearnadh na daoine a mhíchumasú ar dhóigh éigin.
  3. Úsáidtear lucht míchumais corruair le cur síos ar the disabled (community) ach ní leagan coitianta é.
  4. B’ait leat an réamhfhocal le sa leagan duine le míchumas, cé gur féidir an struchtúr sin a úsáid le cur síos ar ghairm nó ar chúram duine, mar shampla Ollamh le Spáinnis.

An réiteach is éifeachtaí ar fad ná duine faoi mhíchumas.

Roinn an Post seo: