Tá dhá chiall, ar a laghad, leis an fhocal for i mBéarla. Is féidir sin a léiriú le habairtí mar seo:

  1. I have money for you.
  2. I have money for repairs.

An réamhfhocal simplí do a d’úsáidfeá sa chéad abairt: Tá airgead agam duit. Ní bheinn róthógtha le do sa dara sampla, cé gur minic a scríobhtar a leithéid:

Tá airgead agam do dheisiúcháin.

Is é atá i gceist le for sa chomhthéacs sin ná for the purposes of. Is fearr é sin a aistriú le i gcomhair, le haghaidhfaoi choinne:

Tá airgead agam i gcomhair deisiúchán.

Cuirtear do le frásaí mar ba cheart, ba chóir, ní mór, is indéanta, níor mhiste srl. chun dualgas nó riachtanas a chur i leith gníomhaí:

Ba cheart do Lisa cur isteach ar an phost sin.

Níor cheart do a chur leis na frásaí sin más rud é nach bhfuil gníomhaí ann:

  • Ba chóir do vacsaíniú a bheith déanta ort i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair. 
  • Ní mór don fhoirm a sheoladh chugainn roimh 5.30 i.n., Dé Luain, 3 Feabhra. 

Ba cheart do a fhágáil ar lár ina leithéid d'abairt, mura bhfuiltear ag iarraidh ar dhuine gníomh éigin a dhéanamh:

  • Ba chóir (do dhaoine) an vacsaín a fháil i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair.
  • Ní mór (d'iarrthóirí) an fhoirm a sheoladh chugainn roimh 5.30 i.n., Dé Luain, 3 Feabhra.

Baintear úsáid earráideach as an réamhfhocal do le linn do dhaoine a bheith ag trácht ar thinneas. I mBéarla, deirtear a cure for cancer. Ní leigheas d'ailse a deirtear i nGaeilge, ach leigheas ar ailse.

Nuair a thagann do agus an aidiacht shealbhach a le chéile, is a scríobhtar de réir an CO. Leagan malartach is ea dona.

Roinn an Post seo: