Locht an-choitianta ar théacsanna Gaeilge is ea abairtí den chineál seo:

Baileoidh an múinteoir na foirmeacha go pearsanta.

Tá tionchar an Bhéarla (The teacher will collect the forms personally.) le brath ar an abairt sin. Déanann an dobhriathar go pearsanta ciotaí den abairt Ghaeilge, ionann agus a rá go ndéanfaidh an múinteoir na foirmeacha a bhailiú ar shlí éigin atá pearsanta – cibé ciall atá leis sin. Is é a déarfaí i nGaeilge:

Is é an múinteoir féin a bhaileoidh na foirmeacha.

Is deacair ‘riail’ a leagan síos a chuideodh le daoine abairtí den chineál seo a leasú. Corruair, is féidir an dobhriathar a fhágáil ar lár gan dochar do chiall na habairte. Corruair, ní mór friotal eile ar fad a aimsiú chun an chiall cheart a thabhairt slán. Féach, mar shampla, na habairtí samplacha seo:

  1. Bhí sé an-néata, go fisiceach agus go pearsanta araon.
  2. Tá Ard Mhacha neadaithe go geografach i measc na Seacht gCnoc.
  3. Is éard atá sa suíomh dailwatch.ie ná ardán neamhbhrabúis atá neodrach go polaitiúil.
  4. Bhí deirfiúr aige nach bhfacthas go poiblí ón dara bliain ar an mheánscoil.
  5. Scriosadh cuid mhór den chathair le linn an Éirí Amach agus atógadh í ní ba mhoille.

Ba cheart na habairtí a athscríobh mar seo:

  1. Bhí sé an-néata, ina cholainn agus ina phearsa.
  2. Tá Ard Mhacha neadaithe i measc na Seacht gCnoc.
  3. Is éard atá sa suíomh dailwatch.ie ná ardán neamhbhrabúis atá neodrach ó thaobh na polaitíochta de.
  4. Bhí deirfiúr aige nach bhfacthas i measc daoine ón dara bliain ar an mheánscoil.
  5. Scriosadh cuid mhór den chathair le linn an Éirí Amach agus atógadh í níos faide anonn.
Roinn an Post seo: