Aidiacht úsáideach is ea dóchúil a chuireann ar ár gcumas dúinn probable a aistriú gan dul i muinín frása fada réamhfhoclach. Tá an ghontacht is dual don nuathéarmaíocht i leaganacha mar uaschaillteanas dóchúil (probable maximum loss), ach is ait mar a úsáidtear dóchúil de rogha ar ghnáthfhocail sna samplaí seo thíos:

  • Má thairgeann sé rud éigin atá rómhaith le bheith fíor, is dóchúil nach bhfuil sé fíor. 
  • Má mhothaíonn tú go dearfach fá dtaobh díot féin, is dóchúla go mbeifeá sásta cuidiú agus tacaíocht a iarraidh ar do chairde. 

B'fhearr na habairtí a athscríobh mar seo:

  • Má thairgeann sé rud éigin atá rómhaith le bheith fíor, is dócha nach bhfuil sé fíor. 
  • Má mhothaíonn tú go dearfach fá dtaobh díot féin, is mó seans go mbeifeá sásta cuidiú agus tacaíocht a iarraidh ar do chairde. 
Roinn an Post seo: