Is é is eachtra ann tarlú neamhghnách, iontach. Rómhinic a úsáidtear é chun coincheapa mar eventoccasion a chur in iúl i nGaeilge:

T-léinte den scoth atá iontu, foirfe i gcomhair cibé féasta nó eachtra a bheidh ar siúl.

Bheadh ócáidimeacht níos oiriúnaí má táthar ag caint ar chóisirí.

Níl aon locht ar eachtra chun incident a chur in iúl, ach ba cheart an comhthéacs a bheith soiléir. Is le dua a thuigfeadh léitheoirí an abairt seo, mar shampla:

Tá sé d’oibleagáid ar gach gnóthas iarnróid eachtraí agus tionóiscí iarnróid a chur in iúl don Choimisiún Sábháilteachta Iarnróid.

Cén chiall a bhainfí as eachtra iarnróid? Ba chabhair don scríbhneoir, b’fhéidir, focail mar teagmhas agus tarlú.

Roinn an Post seo: