Is gnách, sa Ghaeilge fhoirmeálta, eacnamaíocht a úsáid chun trácht ar an disciplín ar a dtugtar economics sa Bhéarla:

Tá céim san Eacnamaíocht ó Princeton aici.

Moltar geilleagar a úsáid chun trácht ar an economy agus a mbaineann leis: an Stocmhalartán, boilsciú, rátaí úis srl. A leitheid seo:

Tá drochdhóigh ar an ngeilleagar le tamall anuas.

Is cabhair dúinn sanas an fhocail geilleagar, i.e. geall (socrú airgid) & eagar (córas). 

Is geall le comhchiallaigh iad an dá fhocal sa ghnáthchaint. Mar an gcéanna i gcás na n-aidiachtaí eacnamaíoch agus geilleagrach

Roinn an Post seo: