Bíonn mearbhall ar scríbhneoirí i dtaobh an dá fhocal seo, mar is léir ó na habairtí samplacha thíos:

  • Bí cinnte go bhfuil ainm ar gach ball éadaí. 
  • Ach duilliúr na gcraobh mar éadaigh leapa os mo chionn. 

Is é atá in éadaigh ná ginideach an fhocail éadach, mar shampla ball éadaigh (an item of clothing). Is gnách foirm an ghinidigh uatha a úsáid sa nath mo chuid éadaigh.

Is é atá in éadaí ná uimhir iolra an fhocail éadach, mar shampla éadaí fear, éadaí ban

Mar seo ba cheart na habairtí samplacha a scríobh:

  • Bí cinnte go bhfuil ainm ar gach ball éadaigh. 
  • Ach duilliúr na gcraobh mar éadaí leapa os mo chionn. 

 

Roinn an Post seo: