Chomh minic lena mhalairt, is féidir éagsúil a fhágáil ar lár gan dochar ar bith do chiall na habairte. Go deimhin, ba chomaoin ar abairtí mar seo thíos gan éagsúil a bheith iontu:

Bhí teaghlaigh éagsúla ina suí thart agus an chuma orthu go raibh siad ag baint sult as an tráthnóna.

De réir FGB, is é bunbhrí éagsúildifriúil/gan a bheith cosúil (éagosúil). Brí eile is ea various, mar shampla Chastaí orm í ag ócáidí éagsúla. I gcás na habairte thuas, is san uimhir iolra atá an focal teaghlach. Tá a fhios againn, mar sin, nach é an t-aon teaghlach amháin a bhí ann. Is eol dúinn nach bhféadfadh na teaghlaigh sin a bheith díreach cosúil lena chéile. Níl feidhm, mar sin, le tuilleadh faisnéise. Ó tharla éagsúil a bheith luaite, dar leis an léitheoir gur mhian leis an údar béim a chur ar neamhionannas na ndreamanna seo, cibé cúis a bheadh leis sin.

Roinn an Post seo: