Is focal casta, mírialta é ealaín (ginideach uatha ealaíne/ginideach iolra ealaíon).

An deacracht is mó a bhíonn ag daoine ná cé acu an fhoirm uatha nó an fhoirm iolra a úsáid chun trácht ar an choincheap ghinearálta art/the arts. An iris ealaíneiris ealaíon ba cheart a thabhairt ar arts magazine?

Ní bheadh aon locht ar iris ealaíne, ach oiread le iris cheoiliris litríochta. Sa chás sin, chuimseodh ealaín gach brainse de na healaíona. I gcásanna eile, d’fhéadfadh an ghné iolra a bheith tábhachtach. Tugann an Chomhairle Ealaíon, mar shampla, maoiniú do gach cineál ealaíne, agus bíonn idir thaispeántais, dhrámaí agus scannáin ar siúl in ionad ealaíon

Roinn an Post seo: