éigin tugtha mar leagan malartach de éigean in FGB, ach ba chóir dealú idir an dá fhocal sin i dtéacsanna caighdeánacha. Ná scríobhtar Is ar éigin a bhí mé in ann éirí ach Is ar éigean a bhí mé in ann éirí.

Is botún amach is amach é Tá duine éigean ar do lorg a scríobh.

Is minic gur féidir éigin a fhágáil as an abairt gan aon dochar don chiall.

Más mian le duine éigin taighde a dhéanamh ar chúrsaí ginealais, is mar seo ab fhearr dó tosú.

Ní dócha gur duine faoi leith atá i gceist san abairt sin, ach duine ar bith a chuireann suim sa ghinealas. Úsáidtear duine ar bhealach neamhphearsanta atá cosúil le one an Bhéarla, mar shampla Is leor do dhuine a dhícheall. (One can only do one’s best.)

B'fhearr an abairt a athscríobh mar seo:

Más mian le duine taighde a dhéanamh ar chúrsaí ginealais, is mar seo ab fhearr dó tosú.

Roinn an Post seo: