Ní hionann ar fad eile na Gaeilge agus other an Bhéarla. Is gnách ainmfhocal a chur le eile chun brí na cainte a thabhairt slán, rud nach ndearnadh sna habairtí seo thios:

  • Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha agus athróidh an tSín, bealach amháin nó eile, le himeacht ama.
  • Ar thaobh amháin nó eile den cholainn.
  • Beidh seasamh á ghlacadh ag an pháirtí a bheas ar thaobh amháin nó eile den scoilt thraidisiúnta ó thuaidh.

Is é bealach amháin nó bealach eile an nath traidisiúnta Gaeilge agus cailltear cuid dá bhrí nuair a ghiorraítear é. On one side or another a bhí ar intinn na ndaoine a scríobh an dá abairt dheireanacha ach ní hé sin an chiall a bhainfeadh léitheoir Gaeilge astu, ach on one side or something else. Ní mór an t-ainmfhocal taobh a athrá:

  • Ar thaobh amháin nó ar thaobh eile den cholainn.
  • Beidh seasamh á ghlacadh ag an pháirtí a bheas ar thaobh amháin nó ar thaobh eile den scoilt thraidisiúnta ó thuaidh.

Eisceacht air sin an fhoirmle nó eile a úsáidtear go minic i gcáipéisí oifigiúla agus an chiall otherwise leis:

Folaíonn ‘gléasra’ aon fhearas nó trealamh, leictreach nó eile.

Féach mar a úsáidtear na frásaí agus eile agus nach iad sna habairtí seo: 

  • Tugann Robert McMillen léargas ar bhorradh mór an cheoil – seisiúin, féilte agus eile – atá ag tarlú i gcathair Bhéal Feirste.
  • Chaith mé cuid mhór ama ag caint le daoine, idir óg agus aosta, bunadh an oileáin agus daoine nach iad.

Níl aon chiall, áfach, le agus eile agus nach iad a chur le chéile mar seo:

Is foilseachán uile-Éireann é, le scríbhneoirí ó gach cuid den oileán: Béal Feirste, Áth Cliath, Corcaigh, Sligeach, Gaillimh agus eile nach iad.

Is é ba chóir a bheith i ndeireadh na habairte sin: agus áiteanna eile nach iad.

Roinn an Post seo: