Tá foirm thabharthach ar leith den fhocal Éire ann: in Éirinn, as Éirinn srl. Úsáidtear an fhoirm thabharthach fiú nuair is ainm an stáit atá i gceist:

Beidh a cuid custam féin ag Éirinn.

Is minic a úsáidtear an fhoirm thabharthach mar ainmneach chomh maith, mar shampla Beidh Éirinn agus an Fhrainc i gcoinne a chéile sa chluiche leathcheannais. Tá an úsáid sin lasmuigh den CO, áfach.

Roinn an Post seo: