Tá droch-chlaonadh ann éirigh agus éirí cosúil le a úsáid san áit a mbeadh becomeget sa Bhéarla. Féach, mar shampla, na habairtí thíos:

  • Ach nuair a tháinig McMaster amach ar an stáitse, d’éirigh daoine ina dtost. 
  • Bhronn an Rí John cearta agus saoirsí breise ar shaoránaigh Bhaile Átha Cliath agus de réir a chéile bhí stádas na cathrach ag éirí cosúil le stádas Londan.

B'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:

  • Ach nuair a thainig McMaster amach ar an staitse, thit daoine ina dtost.
  • ...de réir a chéile, bhí stádas Bhaile Átha Cliath ag méadú go dtí go raibh sé inchurtha le stádas Londan féin.
Roinn an Post seo: