Ní i gcónaí a dhéantar dealú mar is ceart idir dhá chiall ghaolmhara de chuid an fhocail Bhéarla experience.

  1. Cleachtadh ar obair, ar mhodh maireachtála faoi leith nó eile. An chiall sin a bhíonn i dtreis i bhfógráin fostaíochta a thráchtann ar Experience desirable but not essential.
  2. Rud a bhraith nó blaiseadh de rud. An dara ciall sin atá i dtreis sa mhana turasóireachta The Dublin Pub Experience.

An fhadhb a bhíonn le réiteach ag aistritheoirí Gaeilge ná cé acu taithíeispéireas ba cheart a úsáid chun gach ciall acu sin a chur in iúl.

Thuigfeá don scríbhneoir a bheadh ag doicheall roimh an fhocal eispéireas. Tá an nod Phil. taobh leis in FGB, rud a thugann le fios gur saintéarma fealsúnachta é. Ní hamháin sin, ach is minic experience ina fhocal folamh sa Bhéarla, sa dóigh is nach miste focal ginearálta a chur ina áit nó é a fhágáil gan aistriú ar fad. Féach an dá abairt seo a bhí le haistriú ag Seosamh Mac Grianna le linn a chuid oibre don Ghúm:

  • To me, this party was a new experience.
  • Every experience is serviceable to us

Mar seo a d'aistrigh Mac Grianna iad:

  • Rud nua a bhí sa pháirtí seo agamsa.
  • Níl rud dá dtig muid tríd nach gcuidíonn linn.

Is deise go mór leaganacha Sheosaimh ná Eispéireas nua domsa a bhí sa pháirtí agus Níl aon eispéireas ann nach gcuidíonn linn.

Bíodh sin mar atá, focal úsáideach is ea eispéireas  sa chomhthéacs cheart. Seans gur shaintéarma fealsúnachta a bhí ann tráth a foilsíodh FGB, ach tá sé in úsáid go forleathan anois i réimsí an oideachais, na critice liteartha agus an reiligiúin. Cuireann sé ar a gcumas do dhiagairí, mar shampla, trácht go cruinn agus go gonta ar choincheapa mar a religious experience. Tá taithí ar reiligiún ag gach duine a chuaigh trí chóras scolaíochta na hÉireann, ach ní hionann sin agus eispéireas reiligiúnach.

Bíodh sin mar atá, b’ait leat gur Eispéireas Rás Aigéin Volvo a tugadh ar The Volvo Ocean Race Experience. Ní hionann réim an fhocail eispéireas agus réim an fhocail Bhéarla, a bhfuil seanchleachtadh againn air i bhfógraí agus in ábhair bholscaireachta. Is fearr mar a d’éirigh leis an té a d’aistrigh The Arigna Mining Experience agus a scríobh Ar Lorg Mhianadóireacht na hAirgní.

Saghas béarlagair is ea experience i nathanna mar Enjoy your dining experience with us agus níl dualgas ar bith orainn meas a bheith againn air faoi mar a bheadh dá mba théarma é. Bain sult as do bhéile an t-aistriúchán is fearr air sin.

Roinn an Post seo: