Úsáidtear eolas sa ghnáthchaint gan dealú idir na cialla knowledge agus information. B’éigean d’aistritheoirí oifigiúla an dealú sin a dhéanamh, áfach, agus is mar gheall air sin a úsáidtear an focal faisnéis le haghaidh information i gcomhthéacsanna oifigiúla agus teicniúla, mar shampla Information Technology/Teicneolaíocht Faisnéise, Financial Intelligence Unit/An tAonad um Fhaisnéis Airgeadais.

Ní focal teicniúil amach is amach é faisnéis. Go deimhin, úsáidtear i leaganacha gnáthchainte mar gan fios gan faisnéis. Ní féidir a rá, mar sin, go mbíonn sé choíche mícheart amach is amach. Bíodh sin mar atá, tá eolas níos coitianta agus is minic gurb é an focal is oiriúnaí i gcomhthéacsanna neamhoifigiúla, mar shampla Tourist Information/ Eolas do Thurasóirí. Ní dhearnadh an cinneadh ceart san abairt seo thíos, cuir i gcás:

  • Is leabhrán faisnéise é Ag Gluaiseacht Suas do scoileanna, múinteoirí agus tuismitheoirí faoi na bealaí is fearr tacú le daltaí agus iad ag aistriú ó bhunscoileanna go dtí iar-bhunscoileanna.

B’fhearr leabhrán eolais, ag cuimhneamh ar sheánra an téacs.

Ba cheart do scríbhneoirí téarmaí agus teidil oifigiúla Ghaeilge a sheiceáil agus gan talamh slán a dhéanamh de gur eolasfaisnéis atá i dtreis.

  • Conas iarratais a dhéanamh ar an Osi faoi Achtanna Saoirse Eolais 1997 agus 2003.

Is é teideal ceart na reachtaíochta ná Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.

Roinn an Post seo: