I gcás go bhfuil níos mó ná pearsa amháin san abairt, caithfidh na focail atá ag tagairt do na daoine sin (na forainmneacha) a úsáid go cúramach chun go mbeidh brí na habairte soiléir don léitheoir. Rómhinic a bhíonn a leithéid seo ann:

Thit Máire amach le hEibhlín mar gheall ar a hardú céime.

An é gur dhiúltaigh Eibhlín ardú céime do Mháire nó an é go bhfuil Máire éadmhar faoi ardú céime a tugadh d’Eibhlín? Fiú má tá eolas sa chuid eile den téacs a chuideodh leis an léitheoir an bhrí cheart a fhuascailt, ba cheart abairtí míshlachtmhara den chineál sin a sheachaint, fiú má theastaíonn athrá nó timchaint éigin:

Thit Máire amach le hEibhlín nuair nár thug Eibhlín ardú céime di.

Tugadh ardú céime d’Eibhlín agus thit Máire amach léi mar gheall air sin.

Tá leasú den chineál chéanna le déanamh ar na habairtí seo:

  • Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus chuir sé a lámh thar a shúile lena gcosaint.
  • Bhí an lá arna mhárach iontach te, fiú ar maidin. Bhí cuileoga ann fosta. Chuir siad isteach orthu agus iad ag déanamh pancóg dá mbricfeasta.

Is furasta gach débhríocht a ruaigeadh ach na habairtí a athscríobh mar seo:

  • Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus d’ardaigh sé a lámh lena shúile a chlúdach.
  • Bhí cuileoga ann fosta a chuir isteach orthu agus iad ag déanamh pancóg dá mbricfeasta.

 

Roinn an Post seo: