Is féidir foirmeacha treise den fhorainm a úsáid chun comparáid nó codarsnacht a threisiú.

  • Ba bhreá léi ceist a chur ar a fear céile, ach bhí sé i bhfad chun tosaigh uirthi ar an chosán. 
  • Tá dílseacht den saghas sin chomh tábhachtach céanna do do ghnó-sa inniu agus a bhí sí dúinn 20 bliain ó shin

 Bheadh blas níos deise ar na habairtí sin ach iad a athscríobh mar seo:

  • Ba bhreá léi ceist a chur ar a fear céile, ach bhí seisean i bhfad chun tosaigh uirthi ar an chosán. 
  • Tá dílseacht den saghas sin chomh tábhachtach céanna do do ghnó-sa inniu agus a bhí sí dúinne 20 bliain ó shin

Corruair, nuair a bhíonn comparáid nó codarsnacht i gceist, cuirtear míreanna taispeána mar seo, sin agus siúd, leis an fhorainm.

Cuireann Roinn an Taoisigh comhairle ar an Taoiseach maidir le dualgais na hoifige sin. Anuas air sin, tugann an Roinn tacaíocht do Phríomh-Aoire an Rialtais maidir lena chuid dualgas siúd.

Roinn an Post seo: