Úsaidtear an téarma fachtóir sna heolaíochtaí agus sa mhatamatic. Is fearr gnáthfhocal a úsáid i réimsí neamhtheicniúla. B'ait leat mar a úsáideadh fachtóir sna habairtí seo thíos:

  • Fachtóir eile a chuirfidh an chúirt san áireamh ná cé acu a chiontaigh tú cheana nó nár chiontaigh.
  • Tá codanna den bhalla ag titim as a chéile mar gheall ar fhás an eidhneáin agus fachtóirí eile.

B'fhearr na habairtí a athscríobh mar seo:

  • Cúinse eile a chuirfidh an chúirt san áireamh ná cé acu a chiontaigh tú cheana nó nár chiontaigh.
  • Tá codanna den bhalla ag titim as a chéile mar gheall ar fhás an eidhneáin agus cúiseanna eile.

 

Roinn an Post seo: