Úsáidtear faigh go coitianta anois sa chiall to become. Ní rud nua atá ann; tá ag fáil mór, fuar, dorcha tugtha in FGB (1977). Ach is deacair maithiúnas a thabhairt don scríbhneoir Gaeilge a roghnódh faigh nuair atá leaganacha coitianta eile sa Ghaeilge:

Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na n-iascairí le fiche bliain anuas agus tá sé seo ag fáil níos measa le blianta beaga anuas.

Ní bheadh moill ar bith ar léitheoirí na leaganacha seanbhunaithe ag éirí níos measaag dul in olcas a thuiscint.

Baintear úsáid bhreallach as faigh ar a lán bealaí eile, mar is léir ó na habairtí seo thíos:

  • Faigheann siad ar shiúl leis. (They get away with it.)
  • Beidh an teas ag fáil isteach mura ndruideann muid an doras. (The heat will get in if we don't close the door.)
  • Fuair mé mé féin istigh i seomra dorcha. (I found myself in a dark room.)
  • Ná faigh rúnaí ná cúntóir riaracháin le scairteanna gutháin a dhéanamh duit. (Don't get a secretary or adminstrative assisant to make telephone calls for you.)

Ní deacair leaganacha simplí eile a chur in áit faigh sna habairtí sin:

  • Ligtear leo/tugtar cead a gcinn dóibh. 
  • B'fhearr dúinn an doras a dhruidim in aghaidh an teasa. 
  • Tharla i seomra dorcha mé. 
  • Ná hiarr ar rúnaí ná ar chúntóir riaracháin scairteanna gutháin a dhéanamh duit. 

 

Roinn an Post seo: