Is i dtéacsanna oifigiúla, den chuid is mó, a úsáidtear an téarma faireachán sa chiall monitoring, m.sh. to monitor and assess the causes of crime / le faireachán agus meas a dhéanamh ar na cúiseanna a ndéantar coireanna.

Monatóireacht is coitianta i dtéacsanna neamhoifigiúla agus sna meáin ach ba cheart i gcónaí faireachán a úsáid má tá sé ina chuid d’ainm nó de theideal oifigiúil, m.sh. National Disability Strategy Stakeholder Monitoring Group / Grúpa Faireacháin Pháirtithe Leasmhara na Straitéise Náisiúnta Míchumais.

Roinn an Post seo: