Ní miste pearsanú a dhéanamh ar an choincheap seo i gcásanna áirithe. Cuir i gcás, is ionann Tá an bás ag fanacht linn go léir agus Tá an bás i ndán do chách. B’ait leat, áfach, an pearsanú sna habairtí seo:

  • Bhí a fhios ag Charles go mbeadh radharc álainn ag fanacht leis i ndiaidh dó an mullach a bhaint amach. 
  • Beidh an bád ag fanacht leat ag a haon déag. 
  • Na dúshláin agus na contúirtí a bhí ag fanacht leis na Gaeil san Oileán Úr. 

B'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:

  • Bhí a fhios ag Charles go mbeadh radharc álainn roimhe i ndiaidh dó an mullach a bhaint amach. 
  • Beidh an bád ann ar a haon déag. 
  • Na dúshláin agus na contúirtí a bhí i ndán do na Gaeil san Oileán Úr. 

Cúpla pointe eile faoin bhriathar fan:

  1. Is é fanacht an t-ainm briathartha caighdeánach. Leagan malartach is ea fanúint.
  2. De réir an CO, is briathar den chéad réimniú é fan. Mar sin de, ba chóir fanfaidh mé a scríobh má táthar ag iarraidh cloí leis an CO (murab ionann agus fanóidh mé).
Roinn an Post seo: