Baintear míbhrí as an fhocal farasbarr go han-mhinic. Glactar leis, go hearráideach, gurb ionann ciall dó agus d'fhocail mar an iomarca agus barraíocht. Is fíor go bhfuil excess tugtha mar mhíniú ar farasbarr ina lán foclóirí dátheangacha. Bheadh surplus ina aistriúchán níos cruinne: an méid den bharraíocht atá ann. 

Seo roinnt samplaí d’úsáid cheart an fhocail.

  • Má fhaigheann iarrthóir níos mó vótaí ná an cuóta, aistrítear an farasbarr vótaí go comhréireach chuig na hiarrthóirí eile i gcomhréir le roghanna na dtoghthóirí.
  • Chuir muid cúpla cúilín eile leis an scór agus faoi leath ama bhí seacht gcúilín d’fharasbarr againn 1–05 i gcoinne 0–01.

farasbarr á úsáid go hearráideach san abairt thíos:

Ach má óltar farasbarr fíona, d’fhéadfadh duine cioróis mharfach an ae a tholgadh. 

Caithfear an abairt sin a athscríobh chun an chiall cheart a chur in iúl:

Ach má óltar an iomarca fíona, d'fhéadfadh duine cioróis an ae a tholgadh agus bás a fháil dá bharr.

Roinn an Post seo: