Baintear feidhm chomh mór sin as cur i bhfeidhm nach léir do scríbhneoirí cén fheidhm atá leis níos mó. Is é bunchiall an fhrása ná to put into operation, to execute. Tá an chiall sin in easnamh sna habairtí thíos:

  • Tá druga faofa le húsáid chun bac a chur ar theacht i bhfeidhm an ghalair seo. 
  • Tá comhrialtas i bhfeidhm ó reáchtáladh toghcháin náisiúnta Leosóta i mBealtaine 2012. 

Caithfear na habairtí sin a athscríobh mar seo:

  • Táthar tar éis druga a fhaomhadh a úsáidfear chun an galar seo a chosc.    
  • Tá comhrialtas i gcumhacht ó reáchtáladh toghcháin náisiúnta Leosóta i mBealtaine 2012.

Tá claonadh ann i bhfeidhm a úsáid áit ar bith a bhfuil an frása in place sa Bhéarla. Cuirtear é le focail eile nach ndéanann comhlogaíocht nádúrtha leis:

  • Díreofar sa seimineár ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na litearthachta ag leibhéal na scoile uile. Leagfar béim ar chomhoibriú agus ar idirghníomhú an rannpháirtí agus beidh a lán deiseanna ann an t-ábhar a chur i bhfeidhm go praiticiúil. (an t-ábhar a thriail/a chleachtadh)
  • Cuireadh Foras na Gaeilge ar bun le freastal ar phobal na Gaeilge agus a mianta a chur i bhfeidhm. (a mianta a bhaint amach)
Roinn an Post seo: