Úsáidtear can sa Bhéarla sa chiall it is possible/conceivable. Más í sin an chiall atá i dtreis san abairt Ghaeilge, níor cheart an réamhfhocal le a chur is féidir tig. Is amhlaidh a chuirfeadh sé sin cumas in iúl seachas féidearthacht.

  • Is féidir le páistí a bheith i mbaol ar líne.
  • Tig leis na focail sin a bheith deacair a chloisteáil, ach 99% den am, tá siad fíor.

 B'fhearr leaganacha traidisiúnta mar féad, seans agus b’fhéidir  chun an coincheap seo a chur in iúl.

  • Tá seans ann go mbeadh páistí i mbaol agus iad ar líne.
  • Is focail iad seo nach mian linn a chloisteáil, b’fhéidir, ach...
  • Seans nach dtaitneodh na focail seo linn, ach...
Roinn an Post seo: