Caithfear aire a thabhairt d'ionad an fhocail fiú san abairt Ghaeilge. Sa sampla thíos, tá altra as na hOileáin Fhilipíneacha ag trácht ar an chiníochas a fhulaingíonn sí féin agus a cairde in Éirinn:

'Ní thugann ár n-éide fiú cosaint dúinn,' ar sise.

Is é an chiall atá leis sin ná Our uniform doesn't give us as much as protection. Ní dócha gurbh é sin a bhí ar intinn an chainteora. Caithfear an abairt a athscríobh mar seo:

'Fiú ár n-éide, ní thugann sí cosaint dúinn,' ar sise.

Nó d'fhéadfaí dul i muinín na poncaíochta:

'Ní thugann ár n-éide, fiú, ní thugann sí cosaint dúinn,' ar sise.

Roinn an Post seo: