Úsáidtear an focal Béarla develop in abairtí mar I developed a taste for it We developed our own style. Ní mar sin a úsáidtear forbair na Gaeilge.

  • Táimid ag dul i dteagmháil le gach teaghlach in Éirinn agus tá an leabhrán seo forbartha againn le míniú cén fáth a bhfuilimid ag déanamh amhlaidh.
  • Chaithinn, b’fhéidir, uair go leith ag trascríobh nótaí ó thaifeadadh éigin ionas go bhféadfainn tiúin a fhoghlaim. D’fhorbair mé cluas an-mhaith dá bharr.

Tháinig an briathar forbair as for-beir. Cuir leméadaigh an bhunchiall atá leis. Agus sin agat foinse na míloighice sa chéad abairt: chaithfí an leabhrán a bheith ann cheana le go dtiocfadh é a fhorbairt. Ach tá an chuma ar an scéal go ndearnadh an téacs seo a scríobh go húrnua. Deamhan locht, mar sin, ar ghnáthfhocal mar tá an leabhrán seo curtha ar fáil againn.

Maidir le cluas an-mhaith a fhorbairt, is aistriúchán focal ar fhocal é ar I developed a good ear. Is furasta an abairt a athscríobh ar bhealach a thagann níos fearr le gnás na Gaeilge:

Ba é an deireadh/toradh a bhí air ná go raibh cluas an-mhaith don cheol agam.

Féach mar a aistríodh develop sna téacsanna seo as Tobar na Gaedhilge. (Rinne mé caighdeánú áirithe ar an litriú.)

Sight and scent became remarkably keen, while his hearing developed such acuteness that in his sleep he heard the faintest sound and knew whether it heralded peace or peril.

D’éirigh géire iontach san amharc agus sa bholadh aige, agus i dtaca leis an éisteacht de, d’éirigh sé comh géar sin agus, ina chodladh féin, go mbeadh a fhios aige cé acu fuaim charad nó namhad a bheadh ann. (Niall Ó Domhnaill, Scairt an Dúthchais)

He has been under punishment nearly the whole time of his imprisonment; and has developed homicidal tendencies.

Tá sé faoi phionós bunús an ama uilig ó cuireadh i bpríosún é, agus d’fhás claontaí dúnmharfacha fríd. (Domhnall ‘ac Grianna: Uaigheanna Chill Mhóirne)

Roinn an Post seo: