Is ionann ciall do gabh agus téigh, ach tá roinnt frásaí réamhfhoclacha ann ina n-úsáidtear focal amháin acu seachas a chéile.

  • Dianchúrsa Lae i nGaeltacht Ráth Chairn dóibh siúd atá ag dul don mhúinteoireacht. 
  • Pé íocaíochtaí leasa shóisialta atá ag gabháil duit. 

Ba cheart na habairtí sin a athscríobh mar seo:

  • Dianchúrsa Lae i nGaeltacht Ráth Chairn dóibh siúd atá ag gabháil don mhúinteoireacht. 
  • Pé íocaíochtaí leasa shóisialta atá ag dul duit. 
Roinn an Post seo: