Ní hionann gach na Gaeilge agus each an Bhéarla. Is féidir each a úsáid gan ainmfhocal a chur leis:

  • The children used to walk to school, each carrying a bag full of books.
  • The days went past, each longer than the other.

Is botún measartha coitianta sa Ghaeilge aithris ar nós sin an Bhéarla:

  • Ba ghnách leis na páistí siúl chun na scoile agus mála lán leabhar á iompar ag gach.
  • D’imigh na laethanta thart, gach níos faide ná a chéile.

Caithfear focal ginearálta mar duineceann a chur le gach – sin nó an t-ainmfhocal a athlua:

  • Ba ghnách leis na páistí siúl chun na scoile agus mála lán leabhar á iompar ag gach duine acu. 
  • D’imigh na laethanta thart, gach lá díobh níos faide ná a chéile. 

Tá an locht céanna ar na habairtí seo a baineadh as téacsanna leathoifigiúla:

  • Tá gach de na comhairlí baile laistigh de limistéar an chontae faoi údarás an Bhainisteora Contae.
  • Má theastaíonn deimhniú uait go bhfuil alt áirithe i bhfeidhm fós gan leasú, ba chóir duit gach de na hAchtanna ina dhiaidh sin a scrúdú.

Mar seo ba cheart na habairtí sin a athscríobh:

  • Tá gach ceann de na comhairlí baile atá laistigh de limistéar an chontae faoi údarás an Bhainisteora Contae.
  • Má theastaíonn deimhniú uait go bhfuil alt áirithe i bhfeidhm fós gan leasú, ba chóir duit gach Acht a ritheadh ina dhiaidh a scrúdú.

Eisceacht air sin is ea an struchtúr uilíochta in abairtí mar D'ól sé gach a raibh aige. Is é a thuigtear as sin gur ól sé gach uile rud dá raibh aige.

 

 

Roinn an Post seo: