Is beag difear fuaime idir níos gaire agus níos giorra. Is mar gheall air sin, b’fhéidir, a bhíonn an dá fhocal tríd a chéile ag scríbhneoirí.

  • Is í Gaeltacht na Mí an Ghaeltacht is giorra don chathair. 
  • Déantar iad a dhímheas thar théarma an léasa nó thar a shaolré eacnamaíoch úsáideach, cibé is gaire acu.

Breischéim na haidiachta gearr is ea níos giorra. Breischéim na haidiachta gar is ea níos gaire. Dá bhrí sin, caithfear na habairti thuas a athscríobh:

  • Is í Gaeltacht na Mí an Ghaeltacht is gaire don chathair. 
  • Déantar iad a dhímheas thar théarma an léasa nó thar a shaolré eacnamaíoch úsáideach, cibé is giorra acu.
Roinn an Post seo: