Is minic a úsáidtear gan ar dhóigh a fhágann dul dearfach ar abairt Ghaeilge nuair ab fhearr dul diúltach a bheith uirthi:

  • Ba cheart do dhochtúirí gan frithbheathaigh a thabhairt do dhaoine nuair nach gá é sin.

Sílimse go mbeadh leagan mar seo níos soiléire: 

  • Níor cheart do dhochtúirí frithbheathaigh a thabhairt do dhaoine nuair nach gá é sin.

Bheadh fonn orm abairtí mar seo thíos a athscríobh chomh maith, cé nach bhfuil sí mícheart ó thaobh na gramadaí de:

  • Bhí a hathair i ndiaidh an carráiste a fhágáil taobh amuigh den bhaile mór le gan aird a tharraingt orthu.

B’fhearr gan a fhágáil as, dar liomsa:

  • Bhí a hathair i ndiaidh an carráiste a fhágáil taobh amuigh den bhaile mór sa dóigh is nach dtarraingeofaí aird orthu.
Roinn an Post seo: