Is trí mhíthuiscint a mheasann scríbhneoirí gur ainmfhocal baininscneach é gnólacht:

Chabhraigh iasachtaí ón gCoimisiún Eorpach le borradh a chur faoi 220,000 gnólacht bheag ar fud na hEorpa. 

Gnólacht beag ba cheart a scríobh. Is cosúil gur ghlac an t-údar leis gur ainmfhocal baininscneach é gnólacht toisc gur focal ilsiollach é a bhfuil críoch –acht air. Is comhfhocal firinscneach ó cheart é: gnó + lucht. Féach chomh maith BUNREACHT, COMHLACHT agus IMEACHT.

Roinn an Post seo: