Ní réamhfhocal sa chiall is cruinne é go dtí, ach an briathar tar sa mhodh fhoshuiteach láithreach. Toisc nach réamhfhocal é, ní bhíonn aon tionchar gramadaí aige ar an ainmfhocal a leanann é. Dá bhrí sin, níl na habairtí seo caighdeánach:

  • Níl sé de chead ag othair ná ag cuairteoirí trealaimh leictreacha a thabhairt leo go dtí an ospidéal gan cead ón bhfoireann chothabhála.
  • Thug Aiken promotions slua go dtí an gcathair lena sraith Live at the Marquee.

Is é ba cheart a scríobh ná go dtí an t-ospidéal agus go dtí an chathair.

Is fíor, áfach, go n-úsáidtear go dtí mar a bheadh réamhfhocal ann i gcanúintí áirithe. Féach, mar shampla, an t-amhrán Muimhneach Oileán Dhún an Óir:

Mé a thabhairt seal aríst ann, fé mar bhíos fhéin fadó.
Go dtí an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.

Is dall an t-eagarthóir a dhéanfadh sé sin ‘a cheartú’.

 

Roinn an Post seo: