Teastaíonn focail éagsúla Ghaeilge chun hierarchy a aistriú, ag brath ar an chomhthéacs. Níl mórán brí sna habairtí seo:

  • Mhol sé deireadh a chur le “cliarlathas na híospartachta.” (hierarchy of victimhood)
  • In 1785, thréig an tOrdlathas Caitliceach Rómhánach in Éirinn an Ghaeilge, an cultúr Gaelach, agus náisiúnachas na hÉireann. 

An bealach eile thart ba cheart dó a bheith: cliarlathas a úsáid chun trácht ar chéimeanna na cléire ó shagart go Pápa agus ordlathas nuair is ord tábhachta nó stádais atá i gceist.

Roinn an Post seo: