Mar is léir ó na samplaí úsáide faoin cheannfhocal foirm in FGB, níl aon ní mícheart le leaganacha ar nós i bhfoirm aingil (in the form of an angel) nó i bhfoirm táblaí (in tabular form). Bíodh sin mar atá, ní hannamh a bhaintear úsáid bhreallach as an leagan fónta seo. In Lorg an Bhéarla, thug Seán Mac Maoláin an sampla There was nothing in the form of a book on sale there./Ní raibh aon ní i bhfoirm leabhair ar díol ansiúd. Ar ndóigh, níl cruth ná cuma na n-earraí atá i gceist sa nath in the form of a book. Níl ann ach bealach eile chun a rá nach raibh leabhar ar bith ar díol san áit. Tá an locht céanna ar na habairtí seo thíos:

  • Féadann freagraí a bheith i bhfoirm scríofa nó i bhfoirm béil.
  • Cuirfidh Foras na Gaeilge toradh an iarratais in iúl don oide agus don scríbhneoir i bhfoirm litreach.

Sa chéad sampla, is leor a rá go nglacfar le freagraí scríofa agus le freagraí ó béal. Níl a fhios agam cad é a thuigfí as freagra i bhfoirm béil (an answer in the shape of a mouth?). Cuirfidh Foras na Gaeilge litir chun na n-iarratasóirí chun toradh a n-iarratas a chur in iúl dóibh.

Roinn an Post seo: