Is gnách i rith a úsáid sa chiall ó thús deireadhar feadh tréimhse, mar a dhéantar sna samplaí úsáide in FGB:

  • I rith an lae, duringthroughoutthe day
  • I rith an ama, all the time
  • I rith mo shaoil, during my whole life.

B'ait le daoine, b'fhéidir, i rith a úsáid chun tagairt do theagmhas aon uaire, mar shampla Chas mé le Síle i rith an tsamhraidh. Dá mba mhian trácht ar an ócáid áirithe sin, seans gurbh fhearr a leithéid seo a scríobh: Chas mé le Síle le linn an tsamhraidh

Tá tuilleadh eolais faoi úsáid na bhfrásaí i rith agus le linn le fáil in GGBC: 21.26 agus 21.27. 

Roinn an Post seo: