Is ar éigean a dhéantar dealú ar bith idir iarratasóir agus iarrthóir sa ghnáthchaint, ach ní miste focal amháin acu seachas a chéile a úsáid i gcomhthéacsanna áirithe.

An té a dhéanann iarratas, is amhlaidh is iarratasóir é nó í. Is cuma cad é a bheadh á iarraidh: tearmann, íocaíocht leasa shóisialaigh, paitinn, achomharc, post, cead pleanála nó eile. Applicant petitioner a thugtar ar a leithéid i mBéarla.

Bíonn iarrthóirí páirteach i dtoghcháin, i scrúduithe agus i gcomórtais. Candidate a thugtar ar a leithéid i mBéarla.  

Is léir ó na hiontrálacha ar www.focal.ie agus in FGB gur deacair an dá fhocal a dhealú ó chéile. Níl dealú slán idir candidate agus applicant sa Bhéarla féin. D’fhéadfaí a mhaíomh gur iarratasóir atá i nduine a dhéanann iarratas ar phost, mar shampla. Ach bíonn iomaíocht ann le haghaidh poist, de ghnáth, agus d’fhéadfaí a rá gur iarrthóir atá i ngach duine atá páirteach san iomaíocht sin. 

Roinn an Post seo: