Teastaíonn focail éagsúla Ghaeilge chun identity a aistriú, ag brath ar an chomhthéacs. Ní mór dealú idir céannacht, aitheantas agus féiniúlacht. Tá na focail sin an-trína chéile sna habairtí seo thíos:

  • Ba chóir d’fhorbairt na hÉireann a bheith fite fuaite in aitheantas cultúrtha. (féiniúlacht)
  • Is maith an rud é na doiciméid sin a bheith leat ar fhaitíos go mbeadh ort d’fhéiniúlacht a chruthú ar chúis ar bith. (céannacht)

 Féiniúlacht is fearr a úsáid chun trácht ar shainiúlacht phearsanta nó chultúrtha. Féiniúlacht chultúrtha na hÉireann atá i gceist sa chéad sampla thuas, cuir i gcás.

Cuimsíonn céannacht ciall eile den fhocal Béarla identity, is é sin ‘the state of being the same as a person described or claimed (Collins).’  Seans go mbeadh ar thaistealaithe a gcéannacht a chruthú, is é sin a chruthú gurb iadsan na daoine a bhfuil a n-ainm luaite ar na doiciméid taistil.

Tá blas rud beag teicniúil ar céannacht. Tá sé ar an téarma is coitianta a úsáidtear i dtéacsanna oifigiúla ach tá an gnáthfhocal aitheantas le fáil ina lán leaganacha gnáthchainte, mar shampla cárta aitheantais, bradaíl aitheantais. 

Is fearr go minic an gnáthfhocal ná ceann ar bith de na focail thuas. Comhrá gutháin atá i gceist san abairt thíos:

Ní dúirt an fear eile a ainm...níor rith sé leis nach mbeadh a fhéiniúlacht go hiomlán soiléir.

Níl i gceist ansin ach nár sé rith leis an duine nach mbeadh a fhios ag an duine eile cé a bhí ag caint leis.

Roinn an Post seo: