Úsáidtear idir (agus an leagan malartach eadar) ar roinnt bealaí:

1. Mar réamhfhocal simplí sa chiall between: idir an dá súil.

De réir FGB agus GGBC, séimhítear i ndiaidh an idir sin de ghnáth: idir thithe, idir pháirceanna. Luaitear trí eisceacht air sin in GGBC (4.10):

  • Nuair is spás nó achar ama atá i gceist: Idir Corcaigh agus Gaillimh. Idir meán oíche agus maidin.
  • Nuair is difríocht atá á cur in iúl: Is mór idir pingin agus punt.
  • Nuair atá dhá rud nó dhá phearsa á gcur os coinne a chéile: Coimhlint idir Seán agus Maitiú.

Údar éiginnteachta is ea na heisceachtaí sin. An achar ama atá i gceist le between meals, cuir i gcás? An idir béilíidir bhéilí ba cheart a scríobh? Tá bua na simplíochta sa treoir a thugtar sa CO (10.2.5 (d)), is é sin gan séimhiú i ndiaidh idir sa chiall between: idir tithe, idir béilí.

2. Úsáidtear idir sa chiall araon chomh maith: Tá idir bhuachaillí agus chailíní ar an scoil sin anois. Úsáidtear é sa chiall partly chomh maith,mar shampla: Bhí sé idir gháire agus ghol. 

Ní mór séimhiú tar éis idir nuair a úsáidtear ar na slite sin é. Féach, áfach, nach séimhítear focail dar tús d, ts tar éis an fhocail agus (nó an leagan giorraithe is): Idir shúgradh is dáiríre. Idir chléir agus tuath.

Roinn an Post seo: