Is ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh é idirlíon. Seirbhísí idirlín ba chóir a scríobh seachas seirbhísí idirlíne. Níl aon bhaint aige leis an fhocal líne.

Níltear ar aon tuairim maidir le tús an fhocail a scríobh ina cheannlitir. Tá claonadh ann i leith litir bheag a úsáid. Pé litriú a roghnaítear, ba cheart a bheith leanúnach ina bhun.

Roinn an Post seo: