Is comhfhocal firinscneach é imeacht (im + teacht). Meastar trí dhearmad é a bheith baininscneach toisc dhá shiolla a bheith ann agus críoch -acht a bheith air.

  • Imeacht thábhachtach ba ea an seisiún iomlánaíoch ar na Meáin Chumarsáide agus Céannacht Eorpach. (Imeacht tábhachtach...)
  • Le linn na himeachta sin, bhí deis ag muintir na háite cibé cúis imní a bhí acu a chur in iúl. (Le linn an imeachta sin...)

Féach chomh maith: BUNREACHT, COMHLACHT agus GNÓLACHT.

 

Roinn an Post seo: