I dtéacsanna a scríobhadh sular caighdeánaíodh litriú na Gaeilge, bíonn ionchurtha san áit a mbeadh inchurtha inniu. Ba ghnách é a litriú ar an dóigh sin le freastal ar riachtanais caol le caol, leathan le leathan. Cibé faoi sin, tá difear céille idir an dá fhocal sa Ghaeilge chaighdeánach inniu.

Ní raibh na hAngla-Shacsanaigh féin ionchurtha leis na Cruithnigh i dtaca le snoíodóireacht chloiche de

Is é inchurtha ba cheart a bheith san abairt thuas. Rudaí atá inchurtha lena chéile, is féidir iad a chur i gcomparáid nó i gcomórtas lena chéile.

Is ionann ionchurtha agus curtha isteach. Déantar faisnéis a ionchur i mbunachar sonraí, cuir i gcás. 

Roinn an Post seo: