Shílfeá ón nod Gram, atá taobh leis an iontráil don fhocal inscne in FGB, gur téarma gramadaí amach is amach é. Go deimhin, chuala mé daoine á rá nár cheart an focal a úsáid i gcomhthéacs ar bith eile. Seans gur mar sin a bhí, lá den saol, ach tá úsáid an fhocail i ndiaidh leathnú amach ó shin: Comhionannas Inscne, Dioplóma sa Staidéar Inscne.

Roinn an Post seo: