Teastaíonn focail éagsúla Ghaeilge chun installation a aistriú, ag brath ar an chomhthéacs. Níl mórán brí sna habairtí thíos:

  • Tá foireann innealtóireachta na seirbhísí foirgníochta freagrach as pleanáil, insealbhú, feidhmiú agus monatóireacht na gcóras meicniúil. 
  • Insealbhú ealaíne cruthaithe ag daltaí Coláiste Ghobnatan. 

Mar seo atá:

  • Déantar uachtaráin, príomh-airí etc. a insealbhú, is é sin iad a chur i seilbh oifige.
  • Déantar fearas agus cláir ríomhaireachta a shuiteáil. Ealaín suiteála a thugtar ar art installation.

Mar seo ba cheart na habairtí thuas a athscríobh:

  • Tá foireann innealtóireachta na seirbhísí foirgníochta freagrach as pleanáil, suiteáil, feidhmiú agus monatóireacht na gcóras meicniúil. 
  • Saothar ealaín suiteála a chruthaigh daltaí Coláiste Ghobnatan. 
Roinn an Post seo: